Cén fáth a bhfuil an ceannteideal Cuspóirí foghlama ar áireamh sna teimpléid pleanála ghearrthéarmacha ?
Tá cuid de na cuspóirí ábhair ráite i dtéarmaí ginearálta sa churaclam nuair is foghlaim a tharlóidh le linn tréimhse fhada atá i gceist. D'fhéadfadh sé go dteastódh uait na cuspóirí ábhair sin a dhéanamh níos sainiúla agus tú ag pleanáil don fhoghlaim atá i gceist agat sa phlean gearrthéarmach.
Seo sampla ón gcuraclam Béarla de chuspóir ábhair atá ráite i dtéarmaí ginearálta.
English>> Senior infants >>Writing>> Competence and confidence in using language
Cuspóir ábhair: Write and draw frequently
D'fhéadfaimis an cuspóir ábhair sin a dhéanamh níos sainiúla chun an fhoghlaim a bheidh i gceist i dtréimhse an phlean ghearrthéarmaigh a shainaithint:
Cuspóir foghlama: to enable the children to write captions for a Wall Story based a retell of Farmer Duck.
Taispeánann an chéad sampla eile ón gcuraclam Eolaíochta ócáid nuair nach gá an cuspóir ábhair a shainiú toisc go bhfuil sé ráite i dtéarmaí atá sainiúil go leor chun an fhoghlaim a bheidh i gceist i dtréimhse an phlean ghearrthéarmaigh a shainaithint. Sa chás seo ní bheidh gá leis an gceannteideal pleanála Cuspóirí foghlama.
Eolaíocht>> Ranganna a Cúig agus a Sé>>Fuinneamh agus fórsaí >>Maighnéadas agus leictreachas
Cuspóir ábhair: Foghlaim gur féidir le maighnéid ábhair mhaighnéadacha a bhrú nó a tharraingt
Lena cur i mbeagán focal, fút féin a bheidh sé a shocrú an gá duit an ceannteidil Cuspóirí foghlama a úsáid.
| I gcás múinteoirí nuacháilithe, áfach, ní mór dóibh Cuspóirí foghlama a úsáid i ngach pleanáil ghearrthéarmach. |