Fáilte go dtí Uirlis Phleanála Churaclaim an CNCM

Is féidir leat pleanáil de réir leibhéal ranga, ábhair, snáithe agus toradh foghlama/cuspóir ábhair trí do roghanna a dhéanamh thíos. Bheadh aiseolas go híontach!

Ceisteanna Coitianta.


Is féidir! Sa roghchlár anuas ‘Ranganna’ is féidir leat níos mó ná rang amháin a roghnú. Chun rang a dhí-roghnú, cliceáil ar an ‘x’ beag in aice leis an leibhéal ranga is mian leat a scriosadh. Tá na roghanna céanna agat agus tú ag roghnú ‘Ábhair’, ‘Ábhair’, ‘Snáithe’ agus ‘Aonaid Snáithe /Gnéithe’.
Tar éis duit do rogha a chúngú de réir ranga, ábhair srl., cliceáil faoi dhó ar na Cuspóirí Foghlama/Cuspóirí Ábhair is mian leat a chur le do phlean. Oibreoidh an chliceáil dhúbailte ar gléas móibíleach freisin. Feicfidh tú C.F./C.A. láithreach faoi “Mo Phlean” tar éis iad a roghnú.
Cliceáil ar an táb “Scileanna/Coincheapa/Gnéithe/Feidhmeanna Teanga”. Cliceáil faoi dhó ar na nithe is mian leat a chur le do phlean.
Cliceáil ar an ‘x’ dearg in aice leis an gCuspóir/na Cuspóirí Ábhair/Torthaí Foghlama is mian leat a bhaint den phlean. Chun gach Cuspóir Ábhair/Toradh Foghlama a bhaint de do phlean, cliceáil ar ‘Folamh mo roghanna’.
Cliceáil ar an ‘x’ dearg in aice leis na Scileanna/Coincheapa is mian leat a bhaint den phlean. Chun na Scileanna/Coincheapa ar fad a bhaint de do phlean, cliceáil ar ‘Folamh mo roghanna’.
Is féidir! Cliceáil ar an táb GLD; as sin beidh tú in ann plean a fhorbairt a oiriúnóidh do riachtanais aonair an pháiste/na bpáistí.
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Cóip’ beidh tú in ann aon ábhar a chuir tú le do phlean a ghreamú de do dhoiciméid nó de do theimpléid féin. Cliceáil ar dheis ar do luchóg agus roghnaigh ‘greamaigh’ nó brúigh ar ‘Ctrl V’.
Cliceáil ar an ‘Plean gearrthéarmach’ nó ar an gcnaipe ‘Foramharc bliantúil ’, tabharfar teimpléid éagsúla réamhdheartha duit ansin chun pleananna gearrthéarmacha nó foramhairc bhliantúla a ghiniúint.
Cliceáil ar ‘Ba bhreá linn d'aiseolas!’ atá le fáil ag barr gach leathanaigh.